An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Tá margadh aonair na hEorpa ar cheann de na rudaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Trí shaorghluaiseacht earraí, caipitil, seirbhísí agus saothair/daoine a ráthú, spreag sé fás eacnamaíoch agus is éasca atá saol laethúil ghnólachtaí agus thomhaltóirí na hEorpa a bhuí leis. Is é is aidhm dó limistéar eacnamaíoch gan teorainn a chruthú inar féidir le daoine aonair agus gnólachtaí oibriú gan bhac, fás eacnamaíoch a chothú agus dul chun tairbhe do thomhaltóirí trí rogha mhéadaithe agus praghsanna níos ísle. Áirítear sa mhargadh aonair 27 mBallstát den Aontas agus an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin (tríd an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch). Fíricí faoin margadh aonair 450 milliúnLíon na ndaoine (agus na dtomhaltóirí) i margadh ‘baile’ na hEorpa26 mhilliúnLíon na ngnólachtaí i margadh aonair na hEorpa€18 dtrilliúnOTI mhargadh aonair na hEorpa, an dara geilleagar is mó ar domhan Réimsí gníomhaíochtaStraitéis maidir le Margadh AonairPlean chun an margadh aonair a dhéanamh níos simplí, réidh agus láidir – lántairbhe a bhaint as ar mhaithe le daoine agus le gnólachtaíMargadh aonair le haghaidh earraíFaigh amach faoin gcaoi a ndéanann an tAontas Eorpach é níos éasca d’earraí gluaiseacht faoi shaoirse, an tsábháilteacht a choinneáil ard agus an comhshaol a chosaint ag an am céannaMargadh aonair le haghaidh seirbhísíFoghlaim faoin gcaoi a bhfuil bacainní á mbaint ag an Aontas chun cabhrú le gnólachtaí seirbhísí a sholáthar thar theorainneachaSimpliú an mhargaidh aonairPlean nua chun rialacha an mhargaidh aonair a shimpliú agus maorlathas a laghdúAontas na margaí caipitilAontas na margaí caipitil a thógáil chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoiríMargadh aonair digiteachAn margadh aonair a dhéanamh digiteach, le rialacha comhchoiteanna maidir le teileachumarsáid, cóipcheart, cosaint sonraí, agus tuilleadh Na príomhnithe a baineadh amach Le breis agus 30 bliain anuas, chuidigh an margadh aonair chun an saol laethúil a dhéanamh níos éasca do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, rud a fhágann gur féidir le hearraí, seirbhísí, daoine agus airgead gluaiseacht gan bhac ar fud an Aontais.A bhuí leis an margadh aonair, is féidir le saoránaigh an Aontais dul ag staidéar, maireachtáil, dul ag siopadóireacht, ag obair agus ar scor in aon Bhallstát den Aontas agus tairbhe a bhaint as táirgí ó gach cearn den Eoraip. Is féidir le cuideachtaí cur lena gcuid oibríochtaí, agus le cuidiú na hiomaíochta, tagann ísliú ar phraghsanna agus bíonn rogha níos fearr ag tomhaltóirí. Chuir an margadh aonair ar chumas daoine san Aontas tairbhe a bhaint as praghsanna níos ísle, as níos mó nuálaíochta agus as forbairt theicneolaíoch thapa, agus as caighdeáin níos airde sábháilteachta agus cosanta comhshaoil. Cuireann an margadh aonair borradh faoi OTI, tacaíonn sé leis na milliúin post, agus cuidíonn sé leis an Aontas dul san iomaíocht ar fud an domhain trí infheistíocht a mhealladh agus slabhraí soláthair a neartú.Ó bunaíodh an margadh aonair siar in 1993, tá méadú 3-4 % tagtha ar OTI an Aontais agus chruthaigh sé 3.6 milliún post. Sa spotsolas Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh agus an IomaíochaisLeis an scórchlár, tomhaistear feidhmíocht agus torthaí an mhargaidh aonair i réimsí agus uirlisí éagsúla beartais. Déanann sé faireachán freisin ar fheidhmíocht tíortha agus soláthraíonn sé sonraí mionsonraithe tíre, eolas faoi ghnéithe amhail uirlisí forfheidhmiúcháin, dálaí gnó, agus iomaíochas. Tá tuilleadh eolais ina leith ar fáil anseo An nuacht is déanaí News article4 Nollaig 2025Europe’s ‘everyday entrepreneurs’: can the EU protect the heartbeat of its competitiveness?Am léitheoireachta: 7 nóiméadNews article5 Samhain 2025Commission opens in-depth investigation into construction of Lisbon railway line under the Foreign Subsidies RegulationAm léitheoireachta: 2 nóiméadFéach na Imeachtaí 28Jan2026Oiliúint agus ceardlannaThe Business Case for Responsible Business Conduct: Strategic Opportunities and Policy IncentivesBrussels, Belgium09Feb2026Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighEU Advanced Fermentation Conference Brussels, BelgiumFéach na Naisc ghaolmhara Internal Market, Industry, Entrepreneurship and SMEsStakeholder consultationsCalls for tenders
Tá margadh aonair na hEorpa ar cheann de na rudaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Trí shaorghluaiseacht earraí, caipitil, seirbhísí agus saothair/daoine a ráthú, spreag sé fás eacnamaíoch agus is éasca atá saol laethúil ghnólachtaí agus thomhaltóirí na hEorpa a bhuí leis. Is é is aidhm dó limistéar eacnamaíoch gan teorainn a chruthú inar féidir le daoine aonair agus gnólachtaí oibriú gan bhac, fás eacnamaíoch a chothú agus dul chun tairbhe do thomhaltóirí trí rogha mhéadaithe agus praghsanna níos ísle. Áirítear sa mhargadh aonair 27 mBallstát den Aontas agus an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin (tríd an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch).
Straitéis maidir le Margadh AonairPlean chun an margadh aonair a dhéanamh níos simplí, réidh agus láidir – lántairbhe a bhaint as ar mhaithe le daoine agus le gnólachtaí
Margadh aonair le haghaidh earraíFaigh amach faoin gcaoi a ndéanann an tAontas Eorpach é níos éasca d’earraí gluaiseacht faoi shaoirse, an tsábháilteacht a choinneáil ard agus an comhshaol a chosaint ag an am céanna
Margadh aonair le haghaidh seirbhísíFoghlaim faoin gcaoi a bhfuil bacainní á mbaint ag an Aontas chun cabhrú le gnólachtaí seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha
Simpliú an mhargaidh aonairPlean nua chun rialacha an mhargaidh aonair a shimpliú agus maorlathas a laghdú
Aontas na margaí caipitilAontas na margaí caipitil a thógáil chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí
Margadh aonair digiteachAn margadh aonair a dhéanamh digiteach, le rialacha comhchoiteanna maidir le teileachumarsáid, cóipcheart, cosaint sonraí, agus tuilleadh
Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh agus an IomaíochaisLeis an scórchlár, tomhaistear feidhmíocht agus torthaí an mhargaidh aonair i réimsí agus uirlisí éagsúla beartais. Déanann sé faireachán freisin ar fheidhmíocht tíortha agus soláthraíonn sé sonraí mionsonraithe tíre, eolas faoi ghnéithe amhail uirlisí forfheidhmiúcháin, dálaí gnó, agus iomaíochas. Tá tuilleadh eolais ina leith ar fáil anseo
News article4 Nollaig 2025Europe’s ‘everyday entrepreneurs’: can the EU protect the heartbeat of its competitiveness?Am léitheoireachta: 7 nóiméad
News article5 Samhain 2025Commission opens in-depth investigation into construction of Lisbon railway line under the Foreign Subsidies RegulationAm léitheoireachta: 2 nóiméad
28Jan2026Oiliúint agus ceardlannaThe Business Case for Responsible Business Conduct: Strategic Opportunities and Policy IncentivesBrussels, Belgium